D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Matha 6:17 - An Bíobla Naofa 1981 Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh d'aghaidh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a bhíonn tusa ag déanamh troscaidh, ung do cheann agus nigh dʼaghaidh, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht nuair a ghní tusa troscadh, cuir ola ar do chionn, agus nigh d’aghaidh: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair bhíos tusa ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh; Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach tusa, nuair a dhéanfair trosgadh, cuir oíle ar do cheann agus nigh t’aghaidh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach tusa, nuair a bhíonn tú ag déanamh troscaidh, cuir ola ar do cheann agus nigh dʼaghaidh, |
D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Chuir Ióáb fios go Teacóá dá bhrí sin ar bhean chliste, agus dúirt sé léi: “Lig ort a bheith ag caoineadh; cuir éadach caointe ort; ná cuir ola ort féin; agus iompair thú féin mar bhean a bheadh ag caoineadh an mhairbh le fada an lá;
Caith éadach geal i gcónaí agus ná bíodh uinnimint de dhíth ar do cheann choíche.
Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.