Matha 28:4 - An Bíobla Naofa 1981 Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Leis an eagla a bhí orthu roimhe chuaigh na gardaí ar bharr amháin creatha agus thit mar mhairbh in áit na mbonn. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus le h-eagla roimhe scannruigheadh na gárdaí, agus fágadh iad mar dhaoine marbha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chriothnuigheadar an luchd coimhéada ar a eaglasan, agus do bhádar a riochd mhairbh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ár an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí an lucht gardála ar crith le heagla roimhe agus iad mar a bheidís marbh. |
Chuir a bhfaca siad anbhá agus alltacht orthu; rinneadh stangairí díobh le neart mearbhaill.
Le linn dóibh sin bheith ag imeacht, seo isteach sa chathair cuid den gharda, agus d'inis siad an scéal go léir do na hardsagairt.
Labhair an t‑aingeal leis na mná agus dúirt: “Ná bíodh aon eagla oraibhse, mar tá a fhios agam go bhfuil sibh ag lorg Íosa, an té a céasadh.
D'iarr an coimeádaí solas a thabhairt chuige, ansin rith sé isteach agus chaith é féin ag glúine Phóil agus Shíleas agus é ar crith le heagla.
Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;