Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.
Matha 27:26 - An Bíobla Naofa 1981 Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin lig sé Barabas saor chucu, agus rinne sé Íosa a sciúrsáil, agus lig dó dul dá chéasadh ansin. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin scaoil sé chuca Barabbas; agus i ndiaidh Íosa a sciúrsáil, thug sé suas dóibh é chun a chéasta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do scaoil sé saor chuca Barabbas: acht do sciúrsál sé Íosa agus thug sé suas é chum a chéasta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do léig sé chuca an tan sin Barabbás: agus ar sgiúrsadh Iósa, tug sé chum a crochda é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Scaoil sé Barabas chucu ansin, ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é. |
Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.
Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”
Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”
Agus chun an slua a shásamh, scaoil sé Barabas saor chucu ach rinne sé Íosa a sciúrsáil agus a thabhairt suas chun go gcéasfaí é.
D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.