Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
Matha 27:15 - An Bíobla Naofa 1981 Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois in am na féile ba nós leis an uachtarán aon phríosúnach amháin a ligean saor chuig an slua, cibé príosúnach ab áil leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Anois ar lá shollamhanta na féile bá ghnáthach leis an uachtarán aon phríosúnach amháin, cibé príosúnach a b’áil leo, a leigin saor do’n phobal. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd cheana do chleachdadh an túachdarán bráighe do leigean a mach lá an fheusda chum an phobuil, an té budh áill léo. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach ba ghnáthbhéas don ghobharnóir, i ngach féile, go scaoilfeadh sé saor chun an tslua cibé príosúnach ba rogha leo. |
Dúirt siad, áfach: “Ní ar an bhféile é, le heagla go dtógfaí callán i measc an phobail.”
Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -
ach d'fhan Peadar ina sheasamh ag an doras lasmuigh. Ansin chuaigh an deisceabal eile amach - é seo a ba aithnid don ardsagart - labhair leis an mbandoirseoir agus thug Peadar isteach.
Nuair a bhí dhá bhliain imithe thart thóg Poircias Féastas áit Fhéilix, agus d'fhonn fabhar na nGiúdach a tharraingt air féin, d'fhág Féilix Pól i bpríosún.
Bhí fonn ar Fhéastas gnaoi na nGiúdach a tharraingt air féin agus dúirt sé mar fhreagra ar Phól: “An mbeifeá sásta dul suas go Iarúsailéim chun do thriail a sheasamh ann os mo chomhairse i dtaobh na gcionta seo?”