Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.
Matha 27:12 - An Bíobla Naofa 1981 Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chúisigh na hardsagairt agus na seanóirí é, níor thug sé aon fhreagra. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ina leith, níor fhreagair sé rud ar bith. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do éligheadar na hárdsagair agus ná sinnsir é, níor fhreagair sé én ní. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níos thug sé aon fhreagra ortha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus le linn a chiontaithe ag na hardsagairt agus ag na seanóirí, bhí sé gan aon fhreagra a thabhairt. |
Fuair sé ainíde agus rinne sé beag de féin, agus níor oscail sé a bhéal. Mar a bheadh uan á chinnireacht chuig an seamlas, mar bheadh caora ina tost os comhair lucht a lomtha, níor oscail sé a bhéal.
D'fhan Íosa ina thost. Dúirt an t‑ardsagart leis: “Cuirim ort as ucht Dé bheo a insint dúinn an tú an Críost Mac Dé.”
Dúirt Pioláit leis ansin: “Nach gcluineann tú a bhfuil d'fhianaise acu á thabhairt i d'aghaidh?”
Ach freagra níor thug sé ar phointe ar bith, rud a chuir ardionadh ar an ngobharnóir.
Is é seo an giota den scrioptúr a bhí a léamh aige: “Seoladh é amhail caora chun a choscartha, agus amhail uan a bheadh ina thost os comhair an lomadóra, níor oscail sé a bhéal.
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.