agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
Matha 27:11 - An Bíobla Naofa 1981 Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus d'fhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Sheas Íosa anois os comhair an uachtaráin; agus dʼfhiafraigh an t‑uachtarán de, “An tú Rí na nGiúdach?” Arsa Íosa leis, “Is tú a dúirt é.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus sheasuigh Íosa i láthair an uachtaráin, agus d’fhiafruigh an t-uachtarán de, ag rádh: An tusa Rí na n-Iúdach? Deir Íosa leis: Deir tú é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do sheas Iósa a bhfíadhnuisi an úachdaráin: agus do fhíafruigh an túachdarán de, ag rádh, An tusa an Rí úd na Niúdaighe? Agus a dubhairt Iósa ris, A deir tusa sin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tugadh Íosa i láthair an ghobharnóra, agus dʼfhiafraigh an gobharnóir de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt Íosa “Tá sé ráite agat.” |
agus seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.
Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?
ag fiafraí: “Cá bhfuil an leanbh seo atá saolaithe, Rí na nGiúdach? Mar chonaiceamar a réalta ag éirí, agus thángamar ag déanamh ómóis dó.”
D'fhreagair Iúdás, fear a bhraite, agus dúirt: “An mise é, a Raibí?” Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat.”
Dúirt Íosa leis: “Tá sé ráite agat. Ach deirim libh, beidh Mac an Duine le feiceáil agaibh amach anseo, ina shuí ar dheis na cumhachta, agus é ag teacht ar scamaill na bhflaitheas.”
Dúirt Íosa leis: “Is mé; agus feicfidh sibh Mac an Duine ina shuí ar dheis na Cumhachta agus é ag teacht le scamaill na bhflaitheas.”
Dúirt siad uile: “An tú, dá bhrí sin, Mac Dé?” Dúirt sé leo: “Deir sibh féin é: is mé.”
I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,