Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.
Matha 26:38 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt sé leo ansin, “Tá mʼanam á chrá go mór le brón go bás; fanaigí anseo ag faire liom.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir sé leo: Tá brón an bháis féin ar m’anam; fanaigidh annseo, agus déanaigidh faire liom. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt sé leo, Atá brón mór ar m’anam go ponnc an bháis: fanaidh‐se annso, agus déanaidh faire mar aon liom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin a deir sé ríu, A tá manám lán do dhobrón, go soithe an bhás: fanuidhsi ann so, agus déanaidh faire am fhochair. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt sé leó: Tá brón an bháis ar m’anam: Fanaidh anso agus deinidh faire am’ theannta. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leo ansin: “Tá buaireamh mór ar mʼanam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire liom.” |
Bhí dola an bháis i mo thimpeall, agus pianpháis na huaighe; casadh anró agus anacair i mo threo.
Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.
Ach, táim tar éis baint díom; an gá dom cur orm arís? Tá mo chosa nite agam; an gcaithim a sailiú arís?”
Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”
ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.
Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.”
Tá buaireamh ar m'anam anois. Cad déarfaidh mé? ‘A Athair, saor mé ón uair seo’? Ach is chuige sin a tháinig mé chun na huaire seo.
Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?
Mar an té úd nárbh eol dó an peaca, rinne Dia peaca de ar mhaithe linne, d'fhonn go ndéanfaí dínne fíréantacht Dé ann.
Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”
D'iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d'fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.
Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad
Tá deireadh gach ní ar láimh. Bígí ciallmhar dá bhrí sin agus bíodh smacht agaibh oraibh féin mar mhaithe le bhur n‑urnaithe.