Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
Matha 26:31 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall ormsa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt Íosa leo ansin, “Clisfidh sibh uile go léir orm anocht; mar tá sé scríofa, ‘Buailfidh mé buille ar an aoire, agus scaipfear caoirigh an tréada.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin deir Íosa leo: Gheobhaidh sibh uilig scainneal ionnam-sa anocht. Óir tá sé scríobhtha: Buailfidh mé an t-aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin adubhairt Íosa leo, Do‐gheobhaidh sibh uile scannal ionnaim‐se anocht: óir atá scríobhtha, Buailfead an t‐aodhaire, agus scaipfear caoirigh an tréada. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sinn a deir Iósa ríu, Do gheabhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oír a tá sgríobhtha, Buailfidh mé an táodhuire, agus scabfuidhthear cáoirigh an tréada. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht. Óir tá sgríobhtha: Buailfad an t-aodhaire agus sgaipfar caoire an tréada. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal mar gheall orm-sa anocht, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t-aoire agus beidh caoirigh an tréada arna scaipeadh.’ |
Tá mo chroí ag preabadh; d'imigh mo neart uaim, agus tá solas mo shúl tar éis teip orm.
Bíonn siad i mo thimpeall de shíor amhail tuile; tagann siad uile i mo thimpeall in éineacht.
Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.
Ghlaoigh mé ar mo chuid leannán; ach chlis siad go léir orm; mo shagairt agus mo sheanóirí uile, díothaíodh iadsan sa chathair, nuair a bhí siad ag cuardach bia chun iad féin a neartú arís.
“Múscail thú féin, a chlaíomh, in aghaidh m'aoire, in aghaidh an fhir atá i bpáirt liom,” a deir Tiarna na Slua. “Buail an t‑aoire chun go scaipfear an tréad! Agus iompóidh mé mo lámh in aghaidh na n‑uan beag.
Tá Mac an Duine ag imeacht, de réir mar atá scríofa mar gheall air, ach is mairg don duine úd trína mbraitear Mac an Duine. B'fhearr don duine sin nach mbéarfaí riamh é.”
Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí scrioptúir na bhfáithe. Ansin thug na deisceabail uile a gcúl leis agus theith siad.
Féach, tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, nuair a scaipfear sibh, gach duine chun a bhaile féin, agus fágfaidh sibh mise i m'aonar. Ach nílim i m'aonar, de bhrí go bhfuil an tAthair faram.