Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:32 - An Bíobla Naofa 1981

32 Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Ach beifear do mo thógáil arís, agus ina dhiaidh sin imeoidh mé go Galailí romhaibh.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Acht i ndiaidh m’eiséirghe, rachaidh mé rómhaibh go dtí an Ghailile.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Tar éis m’aiséirighthe, ámh, rachad rómhaibh go dtí an Ghalilé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Agus tar éis misi eiseirghe, rachuidh mé romhuibh don Ghalilé.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Ach tar éis aiseirighthe dhom raghad rómhaibh sa nGaililí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:32
13 Tagairtí Cros  

Ón uair sin amach, thosaigh Íosa á thaispeáint dá dheisceabail nárbh fholáir dó dul go Iarúsailéim agus mórán a fhulaingt ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.


agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é chun go ndéanfaí fonóid faoi agus go sciúrsálfaí é agus go gcéasfaí é, agus eireoidh sé an treas lá.”


Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Siúd is go nglacfaidh cách eile scannal mar gheall ort, ní ghlacfaidh mise scannal choíche.”


Dúirt Íosa leo ansin: “Ná bíodh eagla oraibh! Imígí, beirigí scéala chun mo bhráithre iad a dhul go dtí an Ghailíl, agus feicfidh siad ansiúd mé.”


D'imigh an t‑aon deisceabal déag leo go dtí an Ghailíl, go dtí an sliabh a cheap Íosa mar ionad coinne dóibh,


Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”


Ach imígí agus abraigí lena dheisceabail agus le Peadar: ‘Tá sé ag dul romhaibh don Ghailíl; ansiúd a fheicfidh sibh é faoi mar a dúirt sé libh.’ ”


gur thaispeáin sé é féin do bhreis agus cúig céad de na bráithre in éineacht a bhfuil a bhformhór ar marthain go fóill cé go bhfuil cuid acu ar shlí na fírinne.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí