Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.
Matha 25:4 - An Bíobla Naofa 1981 ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróiciní leo chomh maith leis na lampaí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) ach thug na hógha céillí fleascáin ola leo lena lampaí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht thug an cúigear críonna ola leo ina soithigh mar aon leis na lampaí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an chuid do bhi glic rugadar ola ann a soithighibh léo ré cois a lampuidhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do thug an cúigear a bhí ciallmhar oíle leó i n-a n-árthaíbh i dteannta na lóchrann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ach thug na mná ciallmhara ola ina bpróicíní leo chomh maith leis na lampaí. |
Beidh do chathaoir ann, a Dhia, go brách is choíche; ríshlat an chirt is ea ríshlat do ríochta.
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Bhí an fear nuaphósta ag déanamh moille, agus tháinig sámhán orthu uile agus thit siad ina gcodladh.
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:
Óir an té a chuir Dia uaidh, labhraíonn sé briathra Dé; mar ní de réir tomhais a thugann [Dia] an Spiorad.
Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.