Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iúd 1:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

19 Is iad a bhíos ag cur na n-easaontas ar bun, daoine saolta collaí, nach bhfuil Spiorad Dé iontu.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Is iad‐san do‐ghní deaghailte iad, dream colnaidhe, gan an Spiorad bheith aca.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 A síad so an dream sgaras íad féin ré gách, agus íad colluidhe, gan an Spiorad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

19 Is iad sin a dhéanann deighilt, dream saoltach, gan an Spiorad acu.

Féach an chaibidil Cóip




Iúd 1:19
11 Tagairtí Cros  

An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.


“Fan mar a bhfuil tú,” a deir siad, “ná bain díom; óir is naofa ná tusa mé.” Toit i mo shrón is ea an dream seo, tine nach múchtar ar feadh an lae.


Cibé fear de mhuintir Iosrael - nó de na coimhthígh atá ag cur fúthu in Iosrael - a thugann cúl liomsa, a ghlacann chuige féin ina chroí istigh na híola atá aige, a shuíonn bunchúis a urchóide os a chomhair amach agus a thagann ina dhiaidhsean chuig fáidh ag cur mo thuairisce, freagróidh mise, an Tiarna, é de mo dheoin féin.


Ach ní chúiteoidh mé a striapachas le bhur n‑iníonacha, ná a gcuid adhaltranais le mná céile bhur mac; óir déanann siad san caidreamh le striapacha ar leithligh, agus ofrálann siadsan, na sagairt, íobairtí i gcuideachta meirdreach cultais. Sa tslí sin tá pobal gan chiall ag brostú leo ar aghaidh ar bhealach a bhasctha.


Mar chaora fíniúna san fhásach, is ea a tháinig mé ar Iosrael; mar chéadtoradh an chrainn fígí (i dtús an tséasúir), is ea a leag mé súil ar bhur sinsear. Ach chomh luath agus a shroich siad Bál Peór, choisric siad iad féin don Náire, agus níor lú an t‑ábhar déistine dom iad ná na nithe dár thug siad gean.


Ní faoi réir na colainne atá sibhse, áfach, ach faoi réir an Spioraid más rud é go bhfuil Spiorad Dé lonnaithe ionaibh. Má tá duine gan Spiorad Chríost aige ní le Críost é.


An duine nádúrtha, ní ghlacann sé leis na nithe a bhaineann le Spiorad Dé; is díth céille leis iad agus ní féidir dó iad a thuiscint mar is de réir an Spioraid nach foláir iad a mheas.


Nach bhfuil a fhios agaibh gur teampall bhur gcorp ag an Spiorad Naomh atá istigh ionaibh mar bhronn Dia oraibh é? Ní libh féin sibh


Ná fanaimis as láthair ónár gcomhthionól mar a dhéanann daoine áirithe, ach bímis ag misniú a chéile, go mór mór ó fheiceann sibh go bhfuil Lá an Tiarna ag druidim linn.


Ní anuas ó lastuas a thagann an sórt sin eagna, ach tá sí talmhaí, neamhspioradálta, agus diabhlaí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí