Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Matha 25:23 - An Bíobla Naofa 1981 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt a mháistir leis, ‘Is maith a chruthaigh tú, a dhea-sheirbhísigh dhílis; bhí tú dílis i mbeagán, cuirfidh mé thú os cionn móráin; is é do bheatha chuig móráthas do mháistir.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dubhairt a thighearna leis: Maith thú, a sheirbhísigh mhait, dhílis, de bhrígh go raibh tú dílis ós cionn an bheagáin, cuirfidh mé ós cionn an mhóráin thú: gabh isteach i n-aoibhneas do thighearna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Adubhairt a thighearna leis Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis; do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A dubhairt a thighearna ris, Is maith sin, a shearbhfhoghantuidhe mhaith ionnruic; do bhí tu ionnruic a mbeagan, cuirfidh misi ós cionn mhoráin thú: imthigh a sdeach a ngáirdeachas do thighearna féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dubhairt a thighearna leis: Is maith é sin, a sheirbhísigh fhóganta, dhílis; ó bhís dílis os cionn an bheagáin cuirfead thu os cionn an mhóráin; eirigh isteach i n-aoibhneas do thighearna. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gábh isteach in aoibhneas do thiarna.’ |
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Cé hé, más ea, an seirbhíseach iontaofa ciallmhar ar cheap a mháistir os cionn sclábhaí a theaghlaigh é chun a gcuid bia a thabhairt dóibh i dtráth?
Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’
An té a bhíonn iontaofa faoin mbeagán, bíonn sé iontaofa faoin mórán freisin; agus an té a bhíonn mímhacánta faoin mbeagán, bíonn sé mímhacánta faoin mórán freisin.