Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.
Matha 23:22 - An Bíobla Naofa 1981 agus an té a mhionnaíonn dar neamh, mionnaíonn sé dar ríchathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus an té a thugas móid ar neamh, tugann sé cathaoir Dé agus an té atá ina shuí uirthi mar mhóid. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus an té a mhionnuigheás dar neamh, mionnuigheann sé dar chathaoir Dé, agus dar an té atá ina shuidhe inntí. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus an té dhearbhuigheas dar neamh, dearbhuigheann sé dar ríogh‐chathaoir Dé, agus dar an té atá ’n‐a shuidhe innti. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus gidh bé neach do bheir neamh mar mhionna do bheir sé caithír Dé, agus an tí a tá na shuidhe uirrthe mar mhionna. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus an t-é dhearbhuigheann dar neamh, dearbhuigheann sé dar cathaoir ríoga Dé, agus dar an t-é atá ’n-a shuidhe inti. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus an té a mhionnaíonn dar Neamh, mionnaíonn sé dar rí-chathaoir Dé agus dar an té atá ina shuí inti. |
Tá an Tiarna ina theampall naofa, ar neamh atá a chathaoir ríoga. Breathnaíonn a shúile [na hísle]; tástálann siad clann na ndaoine.
Seo mar a deir an Tiarna: Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga agus an talamh stól mo chos! Cá bhfuil an teach a d'fhéadfadh sibh a thógáil dom? Cén áit a dhéanfadh cónaí dom?
Ach is é a deirimse libh, gan mionn ar bith a thabhairt: gan a thabhairt dar neamh, óir is é ríchathaoir Dé é;
‘Is iad na spéartha mo chathaoir ríoga, agus an talamh stól mo chos. Cén sórt tí a thógfaidh sibhse dom, arsa an Tiarna, nó cá mbeidh m'áit chónaithe?