Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
Matha 22:34 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chuala na Fairiséigh gur chuir sé na Sadúcéigh ina dtost, tháinig siadsan le chéile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala na Fairisínigh gur chuir sé na Sadducaigh ina dtost, tháinic siad i dteannta a chéile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht na Fairisínigh, nuair do‐chualadar gur chuir sé na Saddúicínigh ’n‐a dtost, do chruinnigheadar i gceann a chéile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tán do chúaladar na Phairisínigh gur chuir sé na Saduisínigh na dtochd, do chruinnigheadar a gceann a chéile. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala na Fairisínigh nár fhág sé focal ag na Sadúcaigh, chruinnigh siad féin le chéile, |
Ach tar éis do na Fairisínigh dul amach, rinne siad comhairle le chéile ina aghaidh chun go millfidís é.
Nuair a chonaic sé mórán de na Fairisínigh agus de na Sadúcaigh ag teacht chun baisteadh chuige, dúirt sé leo: “A sceith na bpéisteanna, cé thug leid daoibhse teitheadh ón díbheirg atá le teacht?
D'éirigh dlíodóir ina sheasamh agus dúirt leis, á phromhadh: “A Mháistir, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”