Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
Matha 22:3 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus a chuir a sheirbhísigh uaidh a ghlaoch ar an lucht a fuair cuirí chun na bainise; ach níor thoiligh siad teacht. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuir sé a sheirbhísigh le glaodhach ortha-san a fuair cuireadh chun na bainfheise; agus dhiúltuigh siad a theacht. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do chuir a shearbhóntaí uaidh amach ag glaodhach ortha‐san do fuair cuireadh chum na bainse: agus níorbh áil leo teacht. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht. |
Is ann a lonnaigh do phobal de bharr do chineáltais mar a ndearna tú soláthar, a Dhia, do lucht an ghátair.
Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna Dia, Neach Naofa Iosrael: San iompú croí agus sa chiúnas a bhí an slánú i ndán daoibh, sa suaimhneas agus sa mhuinín a bhí bhur neart, ach níorbh áil libh.”
Agus chuir an Tiarna chugaibh gan scor a sheirbhísigh uile na fáithe, ach níor éist sibh, ná níor thug sibh aird).
Chuir mé chugaibh mo sheirbhísigh uile, na fáithe, go minic agus go himpíoch á rá: Filleadh gach aon fhear agaibh óna dhrochshlí, agus leasaigí bhur ngníomhartha agus ná himígí i ndiaidh déithe eile á n‑adhradh; fanfaidh sibh mar sin ar an talamh a thug mise daoibh féin agus do bhur n‑aithreacha. Ach ní éistfeadh sibh liom.
Ach dá mhéad dá nglaoití orthu, is amhlaidh is faide a d'éalaídís [uaim]; d'ofrálaidís íobairtí do na Bálaím, agus dhóidís túis i láthair íol.
Tá claonadh i mo phobal chun iompú uaim; [nuair a ghlaotar orthu] éirí in airde, níl duine díobh a dhíríonn aniar.
Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.
Nuair a bhí séasúr na dtorthaí ann, chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh go dtí na curadóirí chun toradh an fhíonghoirt a fháil.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós mar a bhailíonn an chearc a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Dúirt Íosa leo: “An féidir go mbeadh ógánaigh na bainise ag déanamh bróin fad a bhíonn an fear nuaphósta leo? Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu agus déanfaidh siad troscadh ansin.
“A Iarúsailéim, a Iarúsailéim, tusa a mharaíonn na fáithe agus a chlochann iad seo a cuireadh chugat, cad é chomh minic is ab áil liom do chlann a bhailiú, ar nós na circe is a hál faoina sciatháin, agus níorbh áil libh!
Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.
Ach na naimhde úd agam nárbh áil leo mé bheith i mo rí orthu, seolaigí i leith iad agus déanaigí iad a choscairt i mo láthair.’ ”
Nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite daoine, bhí siad lán d'fhormad agus bhréagnaigh siad go tarcaisniúil gach a raibh á rá ag Pól.
Ach is é a deir sé faoi Iosrael: “Shíneas mo lámha ar feadh an lae chun pobail atá easumhal ceanndána.”
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.
Agus is é an fáth a bhfuil sé ina idirghabhálaí ar chonradh nua ná ionas go bhfaigheadh na daoine a bhfuil glaoite orthu an oidhreacht shíoraí atá geallta ag Dia dóibh. Is féidir é seo a tharlú anois ós rud é go bhfuair Críost bás in éiric na gcionta a rinneadh le linn an chéad chonartha.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.
Buailfidh sibh leis a luaithe a rachaidh sibh isteach sa chathair sula dtéann sé in airde ar an ardionad don bhéile; ní íosfaidh an pobal greim bia go dtí go dtiocfaidh sé, mar chaithfidh sé an íobairt a bheannú, ansin íosfaidh an mhuintir a gheobhaidh cuireadh. Téigí suas anois agus ní fada go bhfaighidh sibh é.”