Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Chuir sé seirbhísigh eile uaidh arís, á rá, ‘Insígí do lucht na gcuirí, Féach, tá mo dhinnéar ullamh agam, tá mo dhaimh agus mo laonna biata maraithe agam, agus tá gach uile ní réidh ullamh; tagaigí chun na bainise.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Athuair chuir sé seirbhísigh eile, ag rádh: Abraigidh leobhtha-san a fuair cuireadh: Féach, d’ullmhuigh mé mo dhinnéar, tá mo mhairt agus mo bheithidhigh reamhra marbh, agus tá na h-uile neithe réidh: taraigidh chun na bainfheise.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Arís do chuir sé uaidh searbhóntaí eile, g‐á rádh, Innisidh dhóibh‐sean a fuair cuireadh, Féach, atá m’fhéasta ullamh agam: atá mo mhairt agus m’ainmhidhthe biadhta marbhtha agam, agus atá gach aon nidh i gcóir: tigidh chum na bainse.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 A rís, do chuir sé shearbhfhoghantuidhe eile chuca, da rádh, Abruighsi ris an mhuinntir úd dár tugadh cuireadh, Féuch, do ullmhuigh mé mó dhínnéir; á táid mo dhaimh agus mainmhinntighe bíadhta ar na marbhadh, agus a tá gach uile ní ullamh: tigidh chum na bainnse.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’ealta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Féach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:4
18 Tagairtí Cros  

Dhiúltaíodar géilleadh, gan cuimhne acu ar na hiontais A rinne tú dóibh. D'éirigh siad ceanndána, Agus [rith sé leo] fiú filleadh ar an Éigipt, agus ar a ndaoirse. Ach is Dia maithiúnais thú, Lán de chineáltas agus de thrócaire, Mall chun feirge, gan teorainn le do bhuanghrá; Níor thréig tú iad.


Óir is maith agus is ceansa thú, a Thiarna, lán de bhuanghrá dá mbíonn ag éamh ort.


Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leo ná mart méith agus gráin leis.


Seo isteach i mo ghort mé, a shiúr liom, a bhrídeach, ag bailiú mo mhirr agus mo bhalsaim, ag ithe mo mheala agus mo chriathair, ag ól m'fhíona agus mo bhainne; ithigí, a chairde, ólaigí, déanaigí meidhir, a chairde cumainn.


Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh ba líonmhaire ná iad siúd, ach ba é an cor céanna a thug siad dóibh sin.


Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,


Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.


Chuir sé a sheirbhíseach uaidh ar uair an dinnéir á rá leo seo a fuair an cuireadh: ‘Tagaigí, mar tá sé reidh anois.’


Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”


Ach dúirt Pól agus Barnabas leo go neamhbhalbh: “Is daoibhse ab éigean briathar Dé a labhairt ar dtús; ach ós rud é go bhfuil sibh ag cur suas de agus gur dóigh libh féin nach fiú sibh an bheatha shíoraí a bheith agaibh, táimidne ag iompú chun na bpágánach.


Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cén fáth nach mbronnfaidh sé gach grásta eile orainn ina theannta chomh maith?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí