Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 22:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus do chuir a shearbhóntaí uaidh amach ag glaodhach ortha‐san do fuair cuireadh chum na bainse: agus níorbh áil leo teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus a chuir a sheirbhísigh uaidh a ghlaoch ar an lucht a fuair cuirí chun na bainise; ach níor thoiligh siad teacht.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus chuir sé a sheirbhísigh le glaodhach ortha-san a fuair cuireadh chun na bainfheise; agus dhiúltuigh siad a theacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus do chuir sé a shearbhfhoghantuidhe do ghairm na muinntire fúair cuireadh chum na bainnse: achd niór bháill leósan theachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 22:3
30 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí séasúr na dtoradh ag teacht, do chuir sé a shearbhóntaí chum na scológ, chum chuid de’n toradh d’fhágháil.


A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é!


g‐á rádh, Déanaidh aithrighe, óir atá ríoghacht na bhflaitheas druidthe libh.


Agus adubhairt Íosa leo, An féidir le lucht an fhir nua‐phósta bheith duairc, fad agus bhíos an fear nua‐phósta ’n‐a bhfochair? acht tiocfaidh na laethe ’n‐a dtógfar uatha an fear nua‐phósta, agus annsin do‐ghéanaidh siad troscadh.


A Iarúsalem, a Iarúsalem, mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san a curtar chugat! cad é a mhinicighe dob’ áil liom do chlann do chruinniú le chéile, mar chruinnuigheas cearc a h‐ál féin fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil leat é!


Acht tháinig fearg air, agus ní rachadh sé isteach: agus tháinig a athair amach agus do chuir sé impidhe air.


Acht na náimhde seo agam, nárbh áil leo mise bheith im’ righ ortha, tabhraidh annso iad, agus cuiridh chum báis os mo chómhair iad.


agus ní h‐áil libh teacht chugam‐sa, chum go mbéidh beatha agaibh.


Acht nuair do chonnaic na h‐Iúdaigh na sluaighte, do líonadar d’éad, agus do chuireadar i gcoinnibh na neithe do labhair Pól, agus thugadar masla dhó.


Acht is dtaobh Israel is é adeir sé, Do shíneas mo lámha amach ar feadh an lae uile, Chum pobail easumhla chonspóidigh.


Tabhraidh aire gan eiteach do thabhairt do’n té labhras. Óir muna dtáinig an dream slán do dhiúltuigh do’n té thug rabhadh dóibh ar talamh, is lugha‐de thiochfaimíd‐ne slán má thugaimíd cúl do’n té do‐bheir rabhadh ó neamh anuas:


Agus ar an adhbhar sin is idirmheadhóntóir connartha nua é, ar mhodh, de bhárr an bháis i n‐éiric ár gcionnta, do bhí fá’n gcéad chonnradh, go bhfaighidh na daoine do glaodhadh geallamhain na h‐oidhreachta síorraidhe.


Agus adeir an Spiorad agus an bhean óg nua‐phósta, Tar. Agus an té éisteas, abradh sé, Tar. Agus an té go bhfuil tart air, tagadh sé: an té gur ab áil leis é, glacadh sé uisce na beathadh i n‐aisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí