“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Matha 22:22 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: d'fhág siad é agus d'imigh siad leo. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala siad é, rinne siad iontas; agus dʼfhág siad é agus dʼimigh leo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar a chluinstin sin dóibh, bhí iongantas ortha; agus d’fhág siad é, agus d’imthigh leo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chualadar é, bhí iongnadh ortha, agus d’fhágadar é, agus d’imhthigheadar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar na chluinsin so, do ghabh iongantus íad, agus ar sgur dhe, do imthigheadar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala siad é sin, bhí ionadh orthu: dʼfhág siad é agus dʼimigh siad leo. |
“Táim do bhur gcur uaim ar nós caorach i measc faolchúnna; dá bhrí sin, bígí chomh géarchúiseach leis an nathair nimhe agus chomh macánta leis an gcolm.
Ach ní fhéadfadh aon duine focal a rá á fhreagairt, ná ní raibh sé de mhisneach ag aon duine ceist a chur air ón lá sin amach.
Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go fírinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Iosrael.
Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.
óir tabharfaidh mise urlabhra daoibh agus eagna nach bhféadfaidh bhur gcúisitheoirí uile cur ina haghaidh ná a bhréagnú.
ach ní raibh ar a gcumas aon cheart a bhaint dá chuid eagna ná den Spiorad lenar labhair sé.
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.