Matha 22:12 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼfhiafraigh sé de, ‘A chara, conas a tháinig tú isteach anseo gan culaith bhainise ort?’ Agus níor fhan focal aige. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus deir sé leis: A charaid, cad é mar tháinic tusa isteach annseo gan éadach bainfheise ort? Acht d’fhan sé ina thost. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé leis, A chara, cionnas tháinig tusa isteach annso gan culaith bainse ort? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a deir sé ris, A chompánuigh, cionnas tháinic tusa a sdeach ann so gan éadach bainnse umad? Achd ní raibh áonfhocal aigesean. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as. |
Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas, agus cuirtear an uile urchóid ina tost.
Conas a fhéadann tú a rá: ‘Níl mise truaillithe, ní dheachaigh mise i ndiaidh na mBálaím’? Féach, lorg do chos sa ghleann, agus admhaigh céard tá déanta agat. Camall baineann anonn agus anall,
Mar a bhíonn náire ar ghadaí nuair a bheirtear air, is mar sin a bheidh ag teach Iosrael; iad uile, a ríthe, a bprionsaí, a sagairt, a bhfáithe,
D'fhreagair sé duine acu á rá: ‘Nílim ag déanamh aon éagóra ort, a chara: nach ar dhéanar a réitigh tú liom?
Dúirt Íosa leis: “A chara, déan an beart a thug anseo thú. Tháinig siad ar aghaidh ansin, leag siad a lámha ar Íosa agus ghabh siad é.
Óir deirim libh, mura mbíonn barr fíréantachta agaibh ar a mbíonn ag na scríobhaithe agus ag na Fairisínigh, is cinnte nach rachaidh sibh isteach i ríocht na bhflaitheas.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.
Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.
Bíodh a fhios agat go bhfuil a leithéid sin claon agus ag déanamh peaca agus go bhfuil sé daortha as a bhéal féin.
Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.