Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;
Matha 21:2 - An Bíobla Naofa 1981 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh leo: Téighigidh isteach san bhaile sin atá thall ós bhur gcómhair, agus ar an bhomaite gheobhaidh sibh asal ceangailte agus searrach ina teannta: scaoiligidh agus tabhairigidh chugam iad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Téighidh isteach sa mbaile beag úd thall os bhúr gcómhair, agus ar an láthair do‐gheobhaidh sibh láir asail ceangailte ann, agus searrach i n‐éinfheacht léi: scaoilidh iad, agus tabhraidh libh chugam iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois; |
Ceanglaíonn sé a asal den fhíniúin agus searrach a lárach dá stoc. Níonn sé a éide i bhfíon agus a chulaith i bhfuil na gcaor;
Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh
scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad; agus má deir aon duine focal libh abraigí: ‘Tá gá ag an Tiarna leo, ach cuirfidh sé ar ais gan mhoill iad.’ ”
“Téigí isteach sa chathair,” ar seisean, “go dtí an duine seo áirithe agus abraigí leis: ‘Dúirt an Máistir a rá leat: tá m'uain in achmaireacht: is i do theachsa atáim chun an Cháisc a dhéanamh in éineacht le mo dheisceabail.’ ”