Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
Matha 16:9 - An Bíobla Naofa 1981 Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig builíní don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nach dtuigeann sibh go fóill? Nach cuimhin libh cúig bhuilín na gcúig mhíle, agus cé mhéid ciseán a bhailigh sibh? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nach dtuigeann sibh go fóill, agus nach cuimhin libh na cúig h-aráin do’n chúig mhíle duine, agus cá mhéad bascáid a thóg sibh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) An é nach dtuigeann sibh, agus nach cuimhin libh cúig bollóga an chúig míle, agus cá méad ciseán do thógabhar? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A né nach dtuígthí fós, no nach ccuimhnighthí na cúig aráin na gcúig mhíle fear, agus ga mhéd clíabh do thógabhair? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ná fuil tuisgint agaibh fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do’n chúig mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nach dtuigeann sibh fós, nó nach cuimhin libh na cúig bhuilín don chuig mhíle, agus cé mhéad ciseán a thóg sibh suas? |
Dúirt sé leo: “Nach bhfuil tuiscint agaibhse ach oiread? An ea nach dtuigeann sibh, rud ar bith a rachadh isteach sa duine ón taobh amuigh, nach bhféadfadh sé é dhéanamh neamhghlan,
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.