Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”
Matha 16:8 - An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t‑arán libh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba léir sin dʼÍosa, agus dúirt sé, “A dhaoine úd an chreidimh bhig, cad chuige daoibh bheith á chíoradh mar sin bhur mbeith gan arán? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht bhí a fhios sin ag Íosa, agus dubhairt: A lucht an chreidhim bhig, cad chuige a bhfuil sibh ag machtnamh i bhur n-aigne, mar nach bhfuil arán agaibh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus adubhairt sé, A dhaoine an lag‐chreidimh, cad chuige dhaoibh bheith ag déanamh machtnaimh eadraibh féin, toisc gan aon arán bheith agaibh? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar an thuigsin sin Diósa, a dubhairt sé ríu, O luchd an chreidimh bhig, créd fá a dtagartháoi eadraibh féin, gur ab ar son nach dtugabhair arán libh? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí a fhios ag Íosa agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an machnamh seo in bhur gcroí, a lucht an bheagán creidimh, mar nár thug sibh an t-arán libh? |
Shín Íosa amach a lámh láithreach, agus ag breith greama air dúirt: “A fhir an bheagán creidimh, cén fáth ar tháinig amhras ort?”
Ach bhí siadsan ag machnamh mar seo ina gcroí: “Mar nár thugamar an t‑arán linn.”
Lus an bháin a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh?
Dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?” D'éirigh sé ina sheasamh ansin agus bhagair sé ar na gaotha agus ar an bhfarraige, agus bhí sé ina théigle mhór.
Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
Tá a fhios againn anois go bhfuil fios gach uile ní agat, agus nach gá duit go mbeadh duine ar bith do do cheistiú. As seo a chreidimid gur ó Dhia a ghabh tú amach.”
Níl créatúr ar bith ann nach follas dó é; mar tá gach ní lom agus nocht do shúile an té sin a gcaithfimid cuntas a thabhairt dó inár ngníomhartha.
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.