Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Matha 15:9 - An Bíobla Naofa 1981 Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is díomhaoin an t‑adhradh a thugann siad dom, agus gan sa teagasc a bhíos á theagasc acu ach ar ordaigh daoine.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is i n-aiscidh a bheir siad adhradh damh, ag múineadh teagaisc agus aitheanta daoine. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht is baoth an t‐adhradh do‐bheirid dom, Agus aitheanta daoine d’á múineadh mar theagasc aca. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd is a ndíomháineas onóruighid síad misi, ag teagasg aitheanta na ndáoine mar theagasg. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus is onóir gan bhunús a thugaid siad dom, ag múineadh teagaisg agus aitheanta daoine. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is díomhaoin dóibh a bheith do mʼadhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’” |
Is gairid an seal a thug tú dom, is neamhní mo ré shaoil i d'fhianaise. Níl i neach dá maireann ach puth anála
Ná luaigh ainm an Tiarna, do Dhia, le mí-úsáid a bhaint as. Óir an té a luafaidh ainm an Tiarna le mí-úsáid a bhaint as, ní fhágfaidh an Tiarna gan phionós é.
Deir an Tiarna: “De bharr nach dtaobhaíonn an pobal seo mé ach ina gcaint, agus nach dtugann onóir dom ach ó bheola, san áit gur fada uaim atá a gcroí agus nach bhfuil ina gcráifeacht ach aitheanta daonna atá de ghlanmheabhair acu,
ansin is mar seo a dhéanfaidh mé libh. Scaoilfidh mé uafás tobann oraibh, díth agus fiabhras a chnaíonn na súile agus a thraochann anáil na beatha. Cuirfidh sibh síol in aisce, óir is iad bhur naimhde a íosfaidh é.
Meilfidh sibh bhur neart in aisce; ní thabharfaidh bhur dtalamh a thoradh uaidh, ná bhur gcrainn a gcnuas.
Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?
Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo!
is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’
Is ann chomh maith atá bhur slánú le fáil má chloíonn sibh go dlúth leis an teagasc mar a thug mise daoibh é - ach mura in aisce a chreid sibh.
A n‑ordaím daoibh déanaigí é go léir le barr cúraim; ná cuir leis agus ná bain uaidh.
agus gan bheith tugtha d'fhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.
in ionad iad bheith ag tabhairt cluaise d'fhinscéalta Giúdacha agus do rialacha daoine a thugann cúl leis an bhfírinne.
Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.
An mian leat a fhios a bheith agat, a ghliogaire, nach bhfuil aon mhaith sa chreideamh gan dea-oibreacha?
Tugaim rabhadh anois do gach duine a chloiseann briathra fháistine an leabhair seo. Má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia sa mhullach air na plánna atá scríofa sa leabhar seo.
Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.