Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.
Matha 15:19 - An Bíobla Naofa 1981 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar is iad a thagas as an gcroí na drochsmaointe, an dúnmharú, an t‑adhaltranas, an drúis, an ghadaíocht, an fhianaise bhréige, an t‑ithiomrá. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir is ó’n chroidhe a thig droch-smaointe, dúnmharbhadh, adhaltranas, drúis, gadaidheacht, fiadhnaise bhréige, diamhasla; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir is as an gcroidhe amach thig droch‐smaointe, dúnmharbhadh, adhaltrannas, scriapachas, gadaidheacht, fiadhnaise éithigh, dia‐mhasladh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír as an gcroidhe thigid na drochsmuaintighthe, dúnmarbhadh, adhaltrannas, stríopachas, gaduidheachd fíaghnuisighe bréige, blaisphemighe: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir is amach as an gcroidhe a thagaid droch-smuínte, dúnmharbhadh, adhaltranas, striapachas, gadaidheacht, leabhair éithigh, diamhasla; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir is iad na nithe a thagann amach as an gcroí, drochsmaointe, dúnmharuithe, bearta adhaltranais agus drúise, gadaíochtaí, fianaisí bréige, diamhaslaí. |
Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.
Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.
Bíonn an feall ina chroí ag beartú oilc, agus bíonn aighneas de shíor á adhaint aige.
Fágadh an coirpeach a dhrochnós agus fear na hurchóide a bhearta. Filleadh sé ar an Tiarna, a ghlacfaidh trua dó, agus ar ár nDia, atá fial faoi mhaithiúnas.
Ritheann a gcosa chun an oilc, agus deifir orthu fuil neamhurchóideach a dhoirteadh. Bearta coiriúla is ea a mbearta, níl ach scrios agus slad ina ndiaidh aniar.
Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Dúirt Balám leis an asal: “Tá tú ag déanamh ceap magaidh díom! Nár bhreá liom claíomh a bheith agam i mo ghlaic, mar go mbeifeá marbh agam faoin am seo!”
Sin iad na nithe a dhéanann neamhghlan an duine; ach ní dhéanann sé neamhghlan é má chaitheann sé a chuid gan a lámha a bheith nite.”
Ach is é a deirimse libh, duine ar bith a bhreathnaíonn ar bhean le dúil inti, tá adhaltranas déanta aige léi cheana féin ina chroí.
Ach bhí a fhios ag Íosa cad a bhí ina gcroí agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil na smaointe mallaithe seo in bhur gcroí?
Iompaigh dá bhrí sin ón urchóid seo agat agus iarr ar an Tiarna go maithfí duit an smaoineamh seo a theacht i do chroí.
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.