Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
Matha 15:10 - An Bíobla Naofa 1981 Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ghlaoigh sé na daoine chuige go ndúirt sé leo, “Éistigí leis seo agus tuigigí: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ar ghairm na sluagh chuige dó, dubhairt sé leo: Éistigidh agus tuigigidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do ghlaodh sé chuige an sluagh, agus adubhairt sé leo, Éistidh agus tuigidh: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar ngairm an tslóigh, a dubhairt sé ríu, Eisdigh, agus tuigidh: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghlaoidh sé chuige an pobul, agus dubhairt sé leó: Cloisidh agus tuigidh: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ghlaoigh sé an slua chuige agus dúirt sé leo: “Éistigí liom agus bainigí meabhair as an méid seo! |
Dúirt Míocáia: “Má fhilleann tú slán folláin, níor labhair an Tiarna as mo bhéal.” (Agus dúirt sé: “Éistigí, a chiníocha go léir.”)
Tugaigí cluas agus tagaigí chugam, éistigí agus beidh bhur n‑anam saolach. Déanfaidh mé conradh libh, conradh buan an uair seo, an chomaoin cheanúil a chur oraibh a ba mhinic ag Dáiví.
Dúirt sé liom: “Imigh agus abair leis an bpobal seo: ‘Éistigí le bhur gcluasa agus gan dada a thuiscint, breathnaigí le bhur súile agus gan aon rud a fheiceáil.
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
Ní hé an rud a théann isteach sa bhéal a dhéanann neamhghlan an duine, ach an rud a thagann amach as an mbéal, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.”
Is díomhaoin dóibh bheith do m'adhradh, óir níl sa teagasc a mhúineann siad ach aitheanta daonna.’ ”
“Mar sin, nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ ar ar labhair Dainéil fáidh, agus é ina sheasamh san áit naofa - tuigeadh an té a léann -
Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.
Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d'eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.