nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo.
Matha 14:26 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic siad é ag siubhal ar an mhúir, scannruigh siad, agus dubhairt: Is samhailt atá ann. Agus leig siad uaill astú le h-eagla. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla. |
nuair nach raibh a chorp le fáil acu ann, tháinig siad agus scéala acu, fiú amháin, gur thaispeáin aingil iad féin dóibh a dúirt go bhfuil sé beo.
Ghlac na mná bíogadh agus chrom siad a gceann chun na talún, agus dúirt siadsan leo: “Cad a bheir daoibh a bheith ar lorg an bheo i measc na marbh?
“Ag rámhaillí atá tú,” ar siadsan léi, ach dhearbhaigh sise gurbh fhíor a scéal. “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann,” arsa siadsan.
Nuair a chonaic mé é, chaith mé mé féin ag a chosa i mo staic. Ach leag seisean a lámh dheas orm á rá: “Ná bíodh eagla ort. Mise an té atá ar tosach agus ar deireadh; an neach beo;