Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 14:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

26 Ach nuair a chonaic na deisceabail ag siúl na farraige é, bhí an t‑uafás orthu, agus dúirt siad, “Taibhse atá ann!” Agus lig siad béic astu leis an eagla a bhí orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

26 Agus nuair a chonnaic siad é ag siubhal ar an mhúir, scannruigh siad, agus dubhairt: Is samhailt atá ann. Agus leig siad uaill astú le h-eagla.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

26 Agus an tan do chunnacadar a dheisciobail é ag siobhal air an bhfairge, do bhádár air na mbuaidhreadh, ag rádh, Is gósda é; agus do éimhgheadar lé heagle.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

26 Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

26 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

26 Nuair a chonaic na deisceabail é, agus é ag siúl ar an bhfarraige, bhí siad buartha: “Taibhse atá ann!” ar siad, agus scread siad amach le barr eagla.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:26
11 Tagairtí Cros  

agus nuair nach bhfuaradar a chorp, thángadar, g‐á rádh go bhfacadar mar bhéadh taidhbhreadh aingeal adubhairt go raibh sé beo.


Acht do bhí scannradh agus crith‐eagla ortha, agus do shíleadar gur spioraid do chonnacadar.


Annsin d’fhoscail sé a h‐inntinn dóibh, chum go dtuigfidís na scrioptúirí;


agus do bhí scannradh ortha, agus do chromadar a n‐aighthe chum na talmhan, agus adubhradar‐san leo, Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheo i measc na marbh?


Agus adubhradar‐san léi, Ar míchéill atáir. Acht do lean sise g‐á rádh gurbh fhíor é. Agus adubhradar‐san, Is é a aingeal atá ann.


Agus nuair do chonnacas é, do thuiteas ag a chosaibh mar bhéinn marbh. Agus do leag seisean a lámh dheas orm, g‐á rádh, Ná bíodh aon eagla ort;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí