Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”
Matha 13:33 - An Bíobla Naofa 1981 D'inis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dʼinis sé fáithscéal eile dóibh, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le laibhín a ghlac bean chuici gur fholaigh é i dtrí mhiosúr de phlúr, go dtí gur ghlac an t‑iomlán de an laibhín.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Labhair sé fáithscéal eile leo: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le deascaidh a ghlac bean gur fholuigh sí é i dtrí pheice mine, go dtí go raibh an t-iomlán ina dheascaidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do labhair sé samhlaoid eile leo: Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le laibhín do ghlac bean, agus do chuir i bhfolach i dtrí tómhasaibh mine, nó gur ghlac an t‐iomlán de an laibhín. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do labhair sé cosamlachd eile ríu; as cosmhail rioghachd ueimhe ré laibhín do ghlac bean, agus do fholaigh sí a dtrí pheice mine, nó gur ghabh an tiomlán laibhín. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Do labhair sé soluíd eile leó: Is cosmhail rígheacht na bhflathas leis an ngiost a ghlac an bhean agus a chuir sí i bhfolach i dtrí tómhasaibh plúir, go dtí gur ghlac an plúr go léir an giost. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼinis sé parabal eile dóibh: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas le gabháil a thóg bean agus a dʼfholaigh sí i dtrí pheic plúir nó go raibh sé gabhálta ar fad.” |
Bhrostaigh Abrahám don bhoth go Sárá. “Faigh,” ar sé, “agus fuin trí mhiosúr de phlúr agus déan builíní.”
Luigh Amnón síos dá bhrí sin agus lig sé air a bheith tinn. Nuair a tháinig an rí ar a thuairisc, dúirt Amnón leis an rí: “Tagadh mo dheirfiúr Támár agus déanadh sí cáca nó dhó os mo chomhair le go n‑íosfainn as a láimh.”
Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.
Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.
Tá sí cosúil le gabháil a thóg bean agus a d'fholaigh sí i dtrí peice plúir nó go raibh sé gabháilte ar fad.”
Gach géag ionam nach dtugann toradh, bainfidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, bearrfaidh sé í, ionas go dtabharfaidh sí breis toraidh.
Agus táim cinnte den mhéid seo: an té a thosaigh an dea-obair in bhur measc go leanfaidh sé á chur i gcrích go dtí lá Íosa Críost.
Is é mo ghuí go rachaidh bhur ngrá dá chéile i méid agus i méid le barr eolais agus tuisceana,
Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.
D'imigh Gideón abhaile ansin agus d'ullmhaigh meannán agus builíní aráin gan ghabháile as éafá plúir. Chuir sé an fheoil i gciseán agus an t‑anraith i gcorcán agus thug sé chuige iad mar a raibh sé faoin dair. Nuair a dhruid sé leis,
Nuair a bhain sí ó dhiúl é, thug sí léi é, maille le tarbh trí bliana, agus éafá plúir, agus soitheach fíona; thug sí go teach an Tiarna i Sileo é, agus é fós ina leanbh óg.