Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.
Matha 13:31 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuir sé fáithscéal eile rompu, go ndúirt, “Is cosúil ríocht na bhflaitheas le gráinne de shíol mustaird ar ghlac fear é agus ar chuir sé ina chuibhreann é; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chuir sé fháithscéal eile ós a gcómair, ag rádh: Is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinnín de shíol mustáird a ghlac duine gur chuir ina ghort é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do chuir sé samhlaoid eile rómpa, g‐á rádh, Is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le gráinne síl mustáird, do ghlac duine chuige, agus do chuir ’n‐a ghort: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chuir sé cosamhlachd eile chuca, ag rádh, Is cosmhuil ríoghachd neimhe ré gráinne síol musdaird, do ghabh neach chuige, agus do chuir sé ann a fhearann: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé soluíd eile os a gcómhair, agus dubhairt sé: Is cosmhail rígheacht na bhflathas le gráinne de shíol mustáird a thóg duine le cur ’n-a gharaidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is cosúil Ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “le gráinne de shíol mustaird a thóg duine agus a chuir sé ina ghort. |
Thomhais sé míle eile; b'abhainn é narbh fhéidir dul tríthi. Bhí an t‑uisce éirithe agus domhain go leor chun snámh ann, abhainn nárbh fhéidir dul tríthi.
Chuir sé parabal eile os a gcomhair: “Is iad dála ríocht na bhflaitheas,” ar seisean, “mar a bhí ag an duine a chuir síol maith ina ghort.
Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.
Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.
Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.
Thosaigh sé ansin ag rá an pharabail seo leis an bpobal: “Phlandaigh duine fíonghort, agus chuir ar cíos chun curadóirí é, agus chuaigh ar an gcoigrích go cionn mórán aimsire.