Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 12:5 - An Bíobla Naofa 1981

Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nó an é nach bhfuil léite agaibh sa dlí mar a bhíonn an tsabóid á sárú ag na sagairt sa teampall, agus gan coir orthu?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Nó nár léigh sibh san dlighe go mbriseann na sagairt san teampall an tsabóid ar na sabóidí, agus go mbíonn siad neimh-chionntach?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Nó, an é nár léigheabhar sa dlighe, go mbriseann na sagairt sa teampall an tsaoire, lá na sabóide, gan bheith cionntach?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

No a né nár léaghabhair ann sa dligheadh, go mbrisid na sagairt ann sa tteampoll an tsáoire lá na sabboíde, agus go bhfuilid neimhchiontach?

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Nó an amhlaidh nár léigheabhair sa dlígh conus mar, a dheinid na sagairt sa teampall an tsabbóid do bhriseadh agus ná dheinid siad peacadh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Nó fós, nár léigh sibh sa dlí, na sagairt sa Teampall lá sabóide, go sáraíonn siad an tsabóid agus nach mbíonn locht ar bith orthu?

Féach an chaibidil



Matha 12:5
7 Tagairtí Cros  

Thug mé casaoid do mhaithe Iúdá á rá: “Cad é mar mhí-iompar é seo agaibh ag truailliú lá na sabóide!


‘Abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé ar tí mo shanctóir a thruailliú, togha bhur nirt, mian bhur súl, dúil bhur n‑anama. Bhur mic agus bhur n‑iníonacha, iadsan a fhágfaidh sibh in bhur ndiaidh, titfidh siad leis an gclaíomh.


Cuirtear in ord i láthair an Tiarna iad gach sabóid gan teip; cuireadh clann Iosrael ar fáil iad trí chonradh síoraí.


Conas mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus mar a d'ith builíní na fianaise, siúd is nár dhleathach dó féin ná dá chompánaigh iad a ithe, ach do na sagairt amháin.


Ach deirim libh, tá ní anseo is mó ná an Teampall.