Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 12:24 - An Bíobla Naofa 1981

Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach nuair a chuala na Fairiséigh é, dúirt siadsan, “Níl ann ach go ndíbríonn an duine seo deamhain trí Bheelsebúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Acht nuair a chuala na Fairisínigh sin, dubhairt siad: Ní theilgeann sé seo amach na deamhain acht tré Bheelsebub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht nuair do‐chuala na Fairisínigh é, adubhradar, Ní chaitheann an fear so na deamhain amach acht tré Bhelsibub, prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus an tan do chúaladar na Phairisinigh so, a dubhradar, Ni theilgeann an féarso na deamhain amach, achd tré Bheilsebub prionnsa na ndeamhan.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

D’airigh na Fairisínigh an chaint sin, agus dubhradar: Ní chuireann sé seo na deamhain amach ach le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach nuair a chuala na Fairisínigh é sin, dúirt siad: “Ní chaitheann an duine seo na deamhain amach ach trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan.”

Féach an chaibidil



Matha 12:24
7 Tagairtí Cros  

Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.


Ba leor don deisceabal bheith ar aon dul lena mháistir, agus don sclábha bheith ar aon dul lena úinéir. Má thug siad Béalzabúl ar fhear an tí, nach móide dóibh é thabhairt ar lucht a theaghlaigh?


Ag dul amach dóibh sin, tugadh duine balbh chuige a raibh deamhan ann.


Is é a dúirt na Fairisínigh, áfach: “Trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé amach na deamhain.”


Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”


Bhí deamhan á chaitheamh amach aige - deamhan balbh. Agus nuair a bhí an deamhan imithe amach, labhair an fear balbh, agus rinne na sluaite ionadh de.


Ach dúirt cuid acu: “Is trí Bhéalzabúl, prionsa na ndeamhan, a chaitheann sé na deamhain amach.”