Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
Matha 12:22 - An Bíobla Naofa 1981 Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a tugadh chuige balbhán dall a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, i dtreo go raibh idir urlabhra agus amharc ag an mbalbhán. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin tugadh chuige balbhán dall, a raibh deamhan ann, agus leigheas sé é, ionnas gur labhair sé agus go bhfaca sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin tugadh chuige duine ’n‐a raibh deamhan, agus é dall, bodhar: agus do leigheas sé é, ionnas gur labhair an balbhán, agus go raibh radharc aige. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tugadh chuige an tansin duine ann a raibh deamhan, do bhí dall, agus balbh: agus do shlánaigh sé é, ionnus gur labhair an balbhán agus go bhfacuidh an dall. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan do tugadh chuige duine go raibh deamhan ann, agus bhí sé dall agus balbh; agus do leighis sé é, i dtreó go raibh radharc agus urlabhra aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tugadh chuige ansin duine a raibh deamhan ann, é dall agus balbh. Leigheas sé é; tháinig a chaint don bhalbh agus a radharc. |
Múinfidh mé do shlite do lucht na hurchóide agus fillfidh na peacaigh ar ais chugat.
An lá sin, beidh na focail le clos ag bodhair agus leabhar á léamh, agus as lár an dúcháin agus an dorchadais tiocfaidh radharc i súile na ndall.
Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.
Agus nuair a d'fheiceadh na spioraid mhíghlana é, chaithidís iad féin síos roimhe agus screadadh siad amach: “Is tú Mac Dé!”
chun a súile a oscailt le go n‑iompóidís ón dorchadas chun an tsolais agus ó chumhacht Shátain chun Dé, ar shlí go bhfaighidís maithiúnas óna bpeacaí agus ionad i measc an phobail naomhaithe, trína gcreideamh ionamsa.’ ”
Faoi mar is dual do ghníomhaireacht Shátain, tiocfaidh [an mac mallachta] faoi lánchumhacht, le comharthaí agus le fearta bréige,