Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
Matha 10:39 - An Bíobla Naofa 1981 An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus an té a gheobhas a bheo caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a bheo mar mhaithe liomsa is é a gheobhas a bheo. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara An té a gheibh a anam, caillfidh sé é, agus an té a chaillfeas a anam ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Giodh bé gheabhas a anam caillfidh sé é: agus giodh bé chaillfeas a anam air mo shonsa do gheabhaidh sé é. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall orm-sa, gheobhaidh sé é. |
Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.
Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é.
An té a thugann grá dá anam féin, caillfidh sé é, agus an té a thugann fuath dá anam féin ar an saol seo, déanfaidh sé é a choimeád chun na beatha síoraí.
Ná bíodh eagla ort roimh a bhfuil le fulaingt agat. Feach! tá an diabhal ar tí cuid agaibh a chaitheamh i bpríosún d'fhonn sibh a phromhadh, agus beidh duainéis oraibh ar feadh deich lá. Bí dílis go bás, agus tabharfaidh mé duit coróin na beatha.