D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”
Lúcás 9:61 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt fear eile, “Leanfaidh mé thú, a Thiarna; ach tabhair cead dom dul a fhágáil sláin ag a bhfuil sa bhaile.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt duine eile: Leanfaidh mé thú, a Thighearna, acht leig damh é d’innse a chéadradh do’n mhuinntir atá san bhaile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt duine eile, Leanfad‐sa thú, a Thighearna; acht leig dom, ar dtús, slán d’fhágáil aca‐san atá sa mbaile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus mar an gcéadna a dubhairt neach eile, Leanfuidh misi thú, a Thighearna; Achd leigh dhamh ar tús mo chead do ghabháil, ag am mhuinntir. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt duine eile: Leanfad thú, a Thighearna, ach leig dom dul agus é dh’innsint do’n mhuintir atá sa bhaile. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt duine eile fós: “Leanfaidh mé thú, a Thiarna, ach bíodh cead agam ar dtús slán a fhágáil ag muintir mo thí.” |
D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”
Cibé ar bith obair a bhíonn idir lámha agat caith iomláine do dhúthrachta léi mar níl obair ná dianmhachnamh ná eolas ná eagna i Seól, an áit ar a bhfuil do thriall.
“Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.
mar sin féin ní raibh aon suaimhneas ar m'anam nuair nach bhfuair mé mo bhráthair Títeas ann romham. D'fhág mé slán acu dá bhrí sin agus d'imigh liom go dtí an Mhacadóin.
Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair: “Ní fhaca mé iad.” Ní aithnid dó a bhráithre, ná níl aithne aige ar a chlann. Sea, chomhlíonadar do bhriathar, agus choimeádadar do chonradh go daingean.