Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 9:40 - An Bíobla Naofa 1981

Agus d'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dʼiarr mé mar achainí ar do dheisceabail a díbirt, ach ní raibh sin ar a gcumas.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus d’iarr mé ar do dheisciobail é theilgean amach, acht ní tháinic leo.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’impidheas ar do dheisceablaibh a cur amach; acht níor fhéadadar a dhéanamh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus diárr mé ar do dheiscioblaibhsi a chur as; achd níor fhéadadar.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus d’iarras ar do dheisgiobuil é chur amach, agus do theip sé ortha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus dʼiarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach, agus níorbh fhéidir leo é.”

Féach an chaibidil



Lúcás 9:40
7 Tagairtí Cros  

Ghabh Géichizí ar aghaidh rompu agus leag an bata ar aghaidh an linbh, ach ní raibh glór as ná rian den dé ann. Chuaigh sé ar ais mar sin go hEilíseá, agus dúirt leis: “Níor mhúscail an leanbh.”


Dúirt sé leo: “De dheasca a laghad creidimh a bhí agaibh. Óir deirim libh go fírinneach: má bhíonn oiread an ghráinne síol mustaird de chreideamh agaibh, féadfaidh sibh a rá leis an sliabh seo: ‘Aistrigh as seo anonn’, agus aistreoidh, agus ní bheidh rud ar bith a rachaidh díbh.


Ghlaoigh sé an dáréag le chéile agus thug dóibh cumhacht agus údarás os cionn na ndeamhan uile agus chun galair a leigheas.


agus féach, bíonn spiorad ag breith air, agus screadann sé amach go tobann, agus baineann sé rachtaí as go mbíonn cur leis, agus is ar éigean a scarann sé leis ach á thraochadh.


D'fhreagair Íosa agus dúirt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach chlaon, cá fad a bheidh mé in bhur measc agus a chuirfidh mé suas libh? Tabhair chugam anseo do mhac.”