Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
Lúcás 9:25 - An Bíobla Naofa 1981 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar cad é an tairbhe do dhuine an domhan uile a ghnóthú má thagann caill air nó má chailleann sé é féin? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cad é is feárrde duine, má ghnóthuigheann sé an domhan uilig, agus é féin a chailleamhaint agus a aimhleas féin a dhéanamh? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir caidé a thairbhe do dhuine an domhan mór do ghnóthú, agus a anam féin do chailleamhain nó do chur ar fán? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír créd a tharbha do dhuine, dá ngnoghuigheadh sé an domhan uile, agus go gcaillfeadh sé, nó go léigfeadh sé a mugha é féin? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir cad é an tairbhe do dhuine má dheineann sé an saoghal mór do bhuachtaint agus é féin do mhilleadh agus do chailleamhaint? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal? |
Ar bheith lán di, tharraing siad aníos ar an gcladach í, shuigh siad síos ansin ag cnuasach gach tairbhe i soithí agus ag caitheamh na dramhaíola uathu.
agus teilgfidh siad san fhoirnéis tine iad. Is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?
Mar is eol daoibh cheannaigh an fear seo gort ar luach a choirpeachta, ach thit sé i ndiaidh a chinn, phléasc ina lár agus bhrúcht a inní go léir amach.
Ní hea ach tugaim bascadh do mo chorp agus coinním faoi smacht é le heagla go gcolfaí mé féin tar éis dom a bheith ag fógairt ar dhaoine eile.
Ghlac sibh trua do phríosúnaigh agus nuair a tógadh bhur maoin shaolta uaibh go héagórach chuir sibh suas leis go háthasach mar bhí a fhios agaibh go raibh maoin níos fearr agus níos buaine fós agaibh.