Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
Lúcás 9:2 - An Bíobla Naofa 1981 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n‑easlán. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus gur chuir amach iad chun go bhfógróidís ríocht Dé agus go slánóidís aicídí. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus chuir sé iad a sheanmóir ríoghacht Dé, agus a leigheas na ndaoine breoidhte. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do chuir sé amach iad ag craobhscaoileadh ríoghachta Dé, agus ag leigheas na n‐easlán. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir sé iád do sheanmoír ríoghachda De, agus do leigheas na ndáoine easlán. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chuir sé uaidh iad ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus ag leigheas daoine breóite. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus chuir sé uaidh iad ag fógairt ríocht Dé agus ag leigheas na n-easlán. |
Chuir Íosa uaidh an dáréag sin leis na horduithe seo leanas: “Ná gabhaigí an bóthar chun na ngintlithe agus ná téigí isteach i gcathair Shamárach ar bith;
Duine ar bith a chluineann briathar na ríochta agus nach dtuigeann é, tagann Fear an Oilc agus sciobann sé leis an ní a cuireadh ina chroí: agus sin é an duine a ghlac an síol le hais an bhóthair.
Fógrófar an dea-scéal seo na ríochta ar fud na cruinne go léir mar fhianaise do na náisiúin uile, agus is ansin a thiocfaidh an deireadh.
Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.
Ina dhiaidh sin cheap an Tiarna a dó seachtód eile agus chuir sé amach roimhe féin iad ina mbeirt agus ina mbeirt go dtí gach cathair agus gach áit a raibh sé féin le teacht ann.
‘Fiú amháin a leanann dár gcosa de dheannach bhur gcathrach, glanaimid dínn oraibh é; ach bíodh a fhios agaibh é seo, go bhfuil ríocht Dé in achmaireacht.’
agus leigheasaigí na daoine tinne a bhíonn inti, agus abraigí leis na daoine: ‘Tá ríocht Dé in achmaireacht daoibh.’
“Bhí an dlí agus na fáithe ann go dtí aimsir Eoin: ó shin i leith tá dea-scéal ríocht Dé á fhógairt, agus gach aon duine ag brú a shlí isteach inti le foréigean.
Ach ó bhí a fhios sin ag na sluaite, lean siad é; agus chuir sé fáilte rompu agus bhí ag caint leo faoi ríocht Dé, agus ag leigheas na ndaoine a bhí i ngá a leigheasta.