ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.
Lúcás 8:54 - An Bíobla Naofa 1981 Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach rug seisean ar a láimh gur ghlaoigh uirthi á rá, “A linbh, éirigh aniar.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ag breith greim láimhe dó uirthí labhair sé de ghuth árd, ag rádh: A cháilín, éirigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do rug seisean ar láimh uirthi, agus do ghlaodh sé os árd, A chailín, éirigh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ag cur cháich uile amach dhósan, agus ad breith ar a láimh, do éigh sé, ag rádh, A chalín, éirigh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach do rug sé féin an láimh uirthi, agus do labhair sé do ghuth árd agus dubhairt: A chailín, eirigh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!” |
ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.
Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus d'éirigh sí aniar.
Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.
Rug sé ar láimh ar an dall agus sheol as an mbaile é, chaith sé seile ar a shúile agus ar leagan a lámh air d'fhiafraigh de: “An bhfeiceann tú aon ní?”
Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.
Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d'éirigh sí láithreach; agus d'ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di.
Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbh agus iad a dhéanamh beo, mar an gcéanna déanann an Mac beo an mhuintir is toil leis;
Ach chuir Peadar gach duine acu amach agus chaith sé é féin ar a ghlúine ag guí. Ansin d'iompaigh sé chun an choirp, á rá: “A Thaibít, éirigh i do shuí.” D'oscail sise a súile agus ar fheiceáil Pheadair di, d'éirigh sí aniar.
de réir an scrioptúir: “Tá tú ceaptha agam i d'athair ar mhórán náisiún,” i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.