Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:45 - An Bíobla Naofa 1981

Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Níor thug tusa aon phóg dom, ach ó tháinig mise isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Ní thug tusa póg damh; acht ó tháinic sí seo isteach níor stad sí de phógadh mo chos.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Ní thugais‐se póg dom, acht ó tháinig mise isteach níor stad sí de bheith ag pógadh mo chos.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Ní thug tusa póg dhamh: achd ó tháinig mé a sdeach níor choisg sisi do phógadh mo chos.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Níor thugais-se póg dom; ach ó tháinig sí seo isteach níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Níor thug tú dom póg; ach í seo, ó tháinig mé isteach, níor stad sí ach ag pógadh mo chos.

Féach an chaibidil



Lúcás 7:45
9 Tagairtí Cros  

Ansin phóg Iacób Ráchael agus bhris a ghol air.


Ach rith Éasau ina choinne, theann lena ucht é, chaith é féin ar a mhuineál, phóg é agus na deora leis.


Nuair a thagadh duine chuige le hómós a thabhairt dó, shíneadh sé amach a lámh, bheireadh greim air agus phógadh é.


Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”


Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”


Beannaígí dá chéile le póg naofa. Cuireann eaglaisí uile Chríost a mbeannacht chugaibh.


Beannacht ó na bráithre uile. Beannaígí dá chéile leis an bpóg naofa.


Agus sibhse, a aithreacha, ná déanaigí bhur leanaí a chiapadh, ach iad a thógáil faoi oiliúint agus smacht an Tiarna.


Beannaígí do na bráithre uile leis an bpóg naofa.