Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:48 - An Bíobla Naofa 1981

48 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

48 Anois bhí comhartha tugtha dóibh ag an bhfealltóir, agus é ráite aige, “An fear a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin an duine atá uaibh; beirigí air.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

48 Agus an té a bhraith é, thug sé cómhartha dóibh, ag rádh: Cibé a dtabharfaidh mé póg dó, is é sin é: beirigidh air.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Agus an fear do bhraith é, thug sé cómhartha dhóibh, g‐á rádh, An té d’á dtabharfad‐sa póg, is eisean é: beiridh air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

48 Achd tug an fear do bhrath é comhartha dhóibhsean, ag rádh, Giodh bé neach dhá dtiobhra misi póg, a sé sin é: beiridh air.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 An fear a bhrath é, ámhthach, thug sé cómhartha dhóibh; dubhairt sé leó: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; gabhaidh greim air.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

48 Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh: “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean, “sin é é: gabhaigí é.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:48
7 Tagairtí Cros  

Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.


Ná sciob mé i bhfochair na bpeacach i bhfarradh na n‑urchóideach a labhraíonn go cneasta lena gcomharsana agus an t‑olc ina gcroí.


Sula raibh an focal as a bhéal, seo Iúdás, duine den dáréag, agus slua mór lena chois a raibh claimhte agus bataí acu, ag teacht ó uachtaráin na sagart agus ó sheanóirí an phobail.


Rinne sé anonn ar Íosa díreach gan stad, agus “Sé do bheatha, a Raibí!” ar seisean, agus phóg sé é.


Bhí an comhartha ag fear a bhraite dóibh. “An duine a bpógfaidh mé é,” ar seisean leo, “sin é é. Gabhaigí é, agus tugaigí libh é go haireach.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí