“Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.
Lúcás 7:42 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?” An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus mar nach raibh caoi díolaidheachta acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, dá bhrígh sin, ar annsa leis é? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é? Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní raibh an chumas aoinne acu díoluigheacht a déanamh, agus do mhaith sé na fiacha dhóibh araon. Cé ’cu de’n bheirt is mó grádh dhó? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?” |
“Cén fáth más ea,” arsa an bhean, “a ndearna an rí comhcheilg in aghaidh phobal Dé agus gan an té a dhíbir sé a thabhairt ar ais abhaile - mar leis an mbreith seo déanann an rí é féin a dhaoradh.
Ormsa, ormsa a bhí sé gach rud a chur ar ceal agus gan do pheacaí a mheabhrú níos mó.
Tá do pheacaí scaipthe agam mar a bheadh néal agus do chionta ar nós scamaill. Fill chugam ar ais mar tá tú fuascailte agam.
Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó.
Agus le barr feirge thug a mháistir suas do na céastúnaigh é nó go n‑íocfadh sé na fiacha leis go hiomlán.
D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”
fíréanaítear in aisce lena ghrásta iad de bharr na fuascailte atá in Íosa Críost,
Iad siúd atá ag brath ar an dlí, áfach, tá mallacht anuas orthu, mar tá scríofa: “Is mallaithe gach n‑aon nach gcloíonn lena bhfuil scríofa i leabhar an dlí agus iad a chur i gcrích.”
Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta,
Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Cuirigí suas le chéile agus cibé locht a bhíonn ag duine agaibh ar dhuine eile maithigí dá chéile é; faoi mar a mhaith an Tiarna daoibh, déanaigí-se mar an gcéanna.