“Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.
Lúcás 7:4 - An Bíobla Naofa 1981 Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a tháinig siad chuig Íosa, dʼiarr siad achainí air, agus dúirt siad, “Is maith is fiú é go ndéanfá an méid sin dó, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic siad chuig Íosa, ghuidh siad é go dúthrachtach, ag rádh leis: Is airidhe air go ndéanfá seo dó; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair thángadar‐san chum Íosa d’athchuingheadar go dian air, g‐á rádh, Is fiú é go ndéanfá an nidh sin dó; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan thangadar so chum Iósa, díarradar air go díthcheallach, ag rádh, Gur bhfíu é so do thabhuirt dó: Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a thánadar-san ag triall ar Íosa d’iarradar go cruaidh air dul, agus dubhradar; Is fiú é go ndéanfá an nídh sin dó, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, dá rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó; |
“Cibé cathair nó baile a rachaidh sibh isteach ann, cuirigí fiafraí ar dhuine geanúil ann, agus fanaigí aige sin nó go mbeidh sibh ag fágáil.
agus más fiú an teach é tagadh bhur síocháin anuas air; mura fiú, filleadh bhur síocháin oraibh.
ach iad seo a mheasfar gur fiú iad an saol úd eile a shroicheadh agus an aiséirí ó mhairbh, ní ghabhann siad fear céile ná bean chéile;
Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú.
Fear cráifeach ba ea é agus bhí sé féin agus a theaghlach ar fad ómósach do Dhia; thugadh sé déirc go fial don phobal agus dhéanadh guí chun Dé go buan.
Ach tá beagán agat i Sairdis, daoine nár shalaigh a n‑éidí; agus siúlóidh siad faram in éidí geala óir is fiú iad é.