Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.
Lúcás 7:37 - An Bíobla Naofa 1981 Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d'ola chumhra, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus siúd bean as an gcathair, a bhí ina peacach mór, a chuala faoina bheith ina shuí ag bord i dteach an Fhairiséigh, a thug crúiscín alabastair lán dʼuinnimint léi, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, bean a bhí ina peacach san chathair, nuair a b’eol dí go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi bocsa alabastair d’ungadh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, bean de’n chathair, peacach, nuair do bhí a fhios aici go raibh sé ’n‐a shuidhe chum bidh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi crúsca alabástair d’uinneimint, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, an tráth fúair bean don chatbraigh, do bhí na peachthach, a fhios go raibh sé na shuidhe ag bíadh a dtígh an phairisinigh, tug si bocsa ola lé, Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach bhí bean a bhí ’n-a peacach sa chathair, agus fuair sí amach go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh agus thug sí léi alabastrom ola, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é a bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair dʼola chumhra, |
Cé acu den bheirt a rinne toil a athar?” “An dara duine,” ar siad. Dúirt Íosa leo: “Deirim libh go fírinneach, tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé.
Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’
Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”
Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”
Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’
Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.
Ba í an Mháire sin a raibh a deartháir Lazaras tinn anois, a rinne an Tiarna a ungadh le hola agus a thriomaigh a chosa lena gruaig.
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”
Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.
Ach cruthaíonn Dia an grá atá aige dúinn trí Chríost a fháil bháis ar ár son agus sinn fós inár bpeacaigh.
Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,
agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, d'éagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,
Agus “más ar éigean a shábhálfar an fíréan, cad a tharlóidh don éagráifeach agus don pheacach?”