Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:35 - An Bíobla Naofa 1981

Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach ní fhágann sin nach dtugann clann na heagna uile go léir a ceart don eagna ar di iad, is cuma cé hiad.”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus fuair an eagna a saoradh ó n-a cloinn féin go léir.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus fíoruightear an eagna tré n‐a clainn féin go léir.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Achd atá an eagna ar na sáoradh ó na cloinn féin uile.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tá an eagna ceartuighthe ó n-a clann féin go léir.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

Féach an chaibidil



Lúcás 7:35
8 Tagairtí Cros  

Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


Tháinig Mac an Duine agus bíonn sé ag ithe agus ag ól, agus deir siad: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’ Agus fuair an eagna a ceart as a hoibreacha féin.”


Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.


Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’


Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.