Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:32 - An Bíobla Naofa 1981

Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Is cosúil iad le páistí óga ina suí i sráid an mhargaidh agus iad ag glaoch ar a chéile. ‘Rinneamar portaíocht daoibh agus ní dheachaigh sibh a dhamhsa, chuamar a chaoineadh daoibh agus ní dhearna sibh mairgneach.’

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is cosamhail iad le páistí ina suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag labhairt le chéile, agus ag rádh: Rinneamar píobaireacht díbh, agus ní dhearna sibh rinnce; rinneamar mairgneach díbh, agus níor chaoin sibh.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is cosmhail iad le leanbhaibh ’n‐a suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag glaodhach ar a chéile g‐á rádh, Do‐rinneamar ceol ar an bfeadán daoibh, agus ní dhearnabhar damhsa; do‐rinneamar caoineadh, agus ní dhearnabhar gol.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

As cosmhul íad re leanbuibh na suidhe ar áit an mharguidh, agus éighmheas ar á chéile, agus a deir: Dó rinneamair píobaireachd dhaóibh, agus ní dhearnabhair damhsa; do rinneamair caoí dhaóibh, agus ní dhearnabhair gul.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Is cosmhail iad le leanbhaí ’n-a suidhe ar áit an mhargaidh agus ag caint le n-a chéile, nuair a deirid siad: Dheineamair ceól daoibh ar phíbibh, agus níor dheineabhair rinnce; dheineamair caoine, agus níor ghoileabhair.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir: ‘Rinneamar píobaireacht daoibh, ach ní dhearna sibh rince; rinneamar caoineadh, ach ní dhearna sibh gol.’

Féach an chaibidil



Lúcás 7:32
9 Tagairtí Cros  

Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?


Agus beidh cearnóga na cathrach lán de bhuachaillí agus de chailíní agus iad ag súgradh iontu.”


Nuair a chuaigh sé amach timpeall an tríú huair, chonaic sé daoine eile ina seasamh díomhaoin in áit an mhargaidh


Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad?


“Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’