Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air:
Lúcás 7:3 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala sé faoi Íosa, chuir sé daoine chuige de sheanóirí na nGiúdach, á iarraidh air teacht agus an mogha sin aige a leigheas. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chuala sé fá Íosa, chuir sé seanóirí na n-Iúdach chuige d’iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a leigheas. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do‐chuala sé i dtaobh Íosa, do chuir sé chuige cuid de sheanóiribh na nIúdach, g‐á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chúaluidh sé tuarasgbháil Iósa, do chuir sé sinnsir na Níuduighe chuge, ag íarruidh air teachd agus a shearbhfhoghantuidhe shlánughadh Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’airigh sé i dtaobh Íosa, agus chuir sé ag triall air seanóirí Iúdacha ’ghá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach do leigheas. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh dá iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlánú. |
Tar éis dul isteach i gCafarnáum dó, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air:
Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.
Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó;
Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí;
Agus bhí duine den slua d'éigh amach: “A Mháistir, iarraim ort dearcadh le fabhar ar mo mhac, óir níl agam ach é,
Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d'iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.
tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann.