Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 6:44 - An Bíobla Naofa 1981

Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

mar aithnítear crann ar a thoradh féin. Ní bhaintear figí ó sceacha, ná caora fíniúna ó dhriseoga.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní chruinnigheann daoine fígí de chrainn spíona, agus ní bhaineann siad caor fhíneamhna de dhreasóig.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir as a thoradh is eadh aitheantar gach crann. Óir ní bailightear figí de dheilgnigh, ná ní bailightear caora fíneamhna de dhriseoig.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír is ó a thoradh aitheantar gach uile chrann. Oír ní chruinnighid dáoine fígidhe do dheilgneach, na cáora fineamhna do dhriseach.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear figí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

Féach an chaibidil



Lúcás 6:44
7 Tagairtí Cros  

Déanaigí maith an crann agus maith a thoradh, nó déanaigí olc an crann agus olc a thoradh; óir is ar a thoradh a aithnítear an crann.


Ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad. An mbaintear fíonchaora de dheilgneach, nó fígí d'fheochadáin?


Agus dá réir sin, is ar a dtorthaí a aithneoidh sibh iad.


An féidir, a bhráithre liom, don chrann fígí ológa a iompar nó don fhíniúin fígí a iompar? Ní mó ná sin is féidir don sáile fíoruisce a iompar.


Is geall le fochaisí iad in bhur bhfleánna cumainn, ag comhól go dána gan aire á tabhairt acu ach dóibh féin; is scamaill gan uisce iad, á scuabadh ar aghaidh ag gaotha; crainn gan toradh iad i ndeireadh an fhómhair, marbh faoi dhó, stoite ó fhréamh;