Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:3 - An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

Féach an chaibidil

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil



Lúcás 5:3
8 Tagairtí Cros  

Ag siúl dó cois farraige na Gailíle, chonaic sé beirt dearthár, Síomón ar a dtugtar Peadar agus Aindrias a dheartháir, ag caitheamh eangacha san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.


Mar bhí sé tar éis mórán daoine a leigheas, sa chaoi, iad seo uile a raibh aicídí orthu, go mbídís ag plódú air chun baint leis.


Agus dúirt sé lena dheisceabail bád a bheith ullamh acu dó mar gheall ar an slua le heagla go mbeidís ag brú air.


agus chonaic sé dhá bhád ina luí ar chladach an locha; bhí na hiascairí tar éis teacht amach astu agus iad ag ní na líonta.


Bhí sé ar an bhfód arís sa Teampall go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh ar iad a theagasc.