Lúcás 5:25 - An Bíobla Naofa 1981 Agus ar an mball, d'éirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ar an nóiméad dʼéirigh sé ar a chosa os comhair an iomláin acu, agus thóg sé a raibh sé ina luí air, agus shiúil leis abhaile, agus é ag glóiriú Dé. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’éirigh sé láithreach ós a gcómhair, thóg an leabaidh ina raibh sé ina luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe ag tabhairt ghlóire do Dhia. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’éirigh sé ar an láthair ’n‐a bhfiadhnaise, agus do thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n‐a luighe, agus d’imthigh sé chum a thighe, agus é ag adhmholadh Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar néirghe dhósan ar an mball an a bhfiadhnuisi, do thóg an leabuidh an raibh sé na luighe, agus do chuaidh sé dhá thigh fein, ag moládh Dé. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’eirigh an duine láithreach bonn, agus thóg sé an tocht ar a raibh sé ’n-a luighe, agus d’imthigh sé chun a thighe féin agus é ag moladh Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ar an mball, mʼéirigh seisean ina láthair, thóg suas an rud a bhí faoi, agus chuaigh abhaile ag tabhairt glóire do Dhia. |
an té a ghabhann buíochas mar íobairt, is é sin an té a thugann urraim dom; agus don té a mhaireann gan cháim taispeánfaidh mé slánú Dé.”
Nuair a chonaic na sluaite é, tháinig uamhan orthu agus thug siad glóir do Dhia a thug a leithéid sin d'údarás do dhaoine.
D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”
agus chuir sé a lámha uirthi. Agus díríodh suas láithreach í, agus thosaigh sí ag tabhairt glóire do Dhia.
Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.
Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d'fhág an lobhra é láithreach.
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: “Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.”