Lúcás 5:15 - An Bíobla Naofa 1981 Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach ina dhiaidh sin agus uile ba mhó a leathnaigh an t‑iomrá air; agus chruinnigh sluaite móra chuige ionas go n‑éistfidís leis agus go leigheasfaí óna n‑easláintí iad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht is amhlaidh is mó a leathnuigh iomrádh air, agus chruinnigh sluaighte móra le h-éisteacht leis agus le leigheas d’fhagháil ó n-a gcuid galar. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ba mhóide do leath na scéala ’n‐a thaobh go mór: agus tháinig na sluaighte móra i n‐éinfheacht le chéile chum éisteachta leis, agus chum go leigheasfaidhe a ngalair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd is móide do leathnuighe a thúarasghbháil sin: agus do chruinnigh slúagh mór déisdeachd ris, agus dfagháil fóiríghne a dteinneas úadh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach sin mar ba mhó do leat an chaint ’n-a thaobh, agus do bhailigh na sluaighte móra chun go n-éistfidís leis, agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n-éagruais. |
Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.
Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.
Chuaigh Íosa i leataobh i dtreo na farraige, é féin agus a dheisceabail, agus lean slua mór ón nGailíl é - ó Iúdáia fós,
Lena linn sin, agus an slua cruinnithe le chéile ina mílte móra go dtí go raibh siad ag satailt ar a chéile, thosaigh sé ag caint lena dheisceabail ar dtús: “Seachnaígí sibh féin ar ghabháil - is é sin, ar bhréagchrábhadh - na bhFairisíneach.
Lean slua mór é mar chonaic siad na comharthaí a bhí sé a dhéanamh ar lucht tinnis.
Bíonn na dea-ghníomhartha glan le feiceáil ar an gcuma chéanna; agus iad siúd nach mbíonn, ní féidir iad a cheilt go deo.